Deotranaimí 9:4-10 ABN

4 Ná habair i do chroí tar éis don Tiarna do Dhia iad a dhíbirt romhat: ‘Is de bharr mo fhíréantachta féin a chuir an Tiarna i seilbh na tíre seo mé,’ tráth is gur de bharr a gcoirpeachta atá an Tiarna ag díbirt na gciníocha sin romhat.

5 Ní de bharr do fhíréantachta ná do dhúthracht croí atá tú ag dul i seilbh na tíre seo leo, ach de bharr choirpeacht na gciníocha seo tá an Tiarna do Dhia á dhíbirt romhat agus chun go gcoimeádfadh sé an briathar a mhionnaigh sé do d'aithreacha d'Abrahám, d'Íosác, agus do Iacób.

6 Bí lándeimhin de, más ea, nach de bharr do fhíréantachta atá an fearann fónta seo á thabhairt duit mar shealúchas ag an Tiarna do Dhia, óir is ceanndána an pobal thú.

7 “Cuimhnigh air agus ná déan dearmad de conas mar a ghriog tú an Tiarna do Dhia chun feirge san fhásach. Ón lá a tháinig tú amach as tír na hÉigipte go dtí gur tháinig tú chun na háite seo, bhí sibh i gceannairc in aghaidh an Tiarna.

8 Fiú ag Horaeb, ghriog tú an Tiarna agus bhí an Tiarna i bhfearg leat chomh mór sin go raibh sé ullamh sibh a mhilleadh.

9 Ghabh mé suas faoin sliabh chun na cláir chloiche, cláir an chonartha a bhí an Tiarna a dhéanamh libh, a fháil. D'fhan mé daichead lá agus daichead oíche ar an sliabh, gan greim bia a ithe nó bolgam uisce a ól.

10 Thug an Tiarna an dá chlár chloiche dom, agus inscríbhinn ó mhéar Dé orthu, agus na briathra go léir orthu a labhair an Tiarna libh ar an sliabh ó lár na tine lá an Tionóil.