11 Uime sin chuireadar saoistí saothair os a gcionn chun iad a chloí le hualaí troma; agus thógadar na cathracha Pition agus Ramasaes d'Fhorann.
12 Ach dá mhéad a luíodh orthu, is ea is mó a chuadar i líonmhaire agus a leathadar. Agus tháinig scanradh ar na hÉigiptigh roimh mhuintir Iosrael.
13 Chuireadar iallach ar mhuintir Iosrael dá bhrí sin seirbhis an éigin a dhéanamh,
14 agus d'fhágadar an saol go searbh acu le saothar dian i mbun moirtéil agus brící agus gach sórt saothair sna goirt; bhrúdar gach sort saothair orthu.
15 Ansin labhair rí na hÉigipte le mná cabhartha na nEabhrach - bhí Sifreá mar ainm ar bhean acu, agus Púá ar an mbean eile.
16 “Nuair a bhíonn sibhse,” ar sé, “ag déanamh curam mná cabhartha do mhná na nEabhrach, agus nuair a fheiceann sibh iad ar a leaba seoil, más mac a bhíonn ann maraígí é; más iníon, bíodh a hanam aici.”
17 Ach bhí eagla Dé ar na mná cabhartha agus ní dhearnadar mar a d'ordaigh rí na hÉigipte dóibh ach ligeadar do na leanaí mic maireachtáil.