1 Chuireadar chun siúil arís ó Éilím, agus shroich comhthionól uile chlann Iosrael fásach Shín, idir Éilím agus Síonái, ar an gcúigiú lá déag den dara mí tar éis dóibh an Éigipt a fhágáil.
2 Chrom comhthionól uile chlann Iosrael ar mhonabhar in aghaidh Mhaois agus Árón san fhásach,
3 agus deiridís leo: “Uch gan sinn a fháil bháis ó láimh an Tiarna i gcríocha na hÉigipte agus sinn inár suí ag potaí na feola agus ag ithe aráin go lán boilg. Óir thug tú amach san fhásach seo sinn chun an comhthionól go léir a chur chun báis den ghorta.”
4 Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Anois fearfaidh mé arán anuas ó neamh daoibh. Rachaidh an pobal amach gach lá chun cuid an lae sin a chnuasach, d'fhonn iad a phromhadh féachaint an siúlfaidh siad i mbealaí mo dhlí nó nach ndéanfaidh siad.
5 Ag cóiriú a gcnuasaigh dóibh ar an séú lá, beidh dhá oiread a gcnuasaigh lae ann.”
6 Dúirt Maois agus Árón dá bhrí sin le pobal Iosrael go léir: “Tráthnóna an lae seo, beidh a fhios agaibh gurbh é an Tiarna a thug amach sibh ó thír na hÉigipte,
7 agus ar maidin feicfidh sibh glóir an Tiarna, óir chuala seisean bhur monabhar ina aghaidh - ní inár n‑aghaidhne an monabhar, óir céard é sinne?”
8 Dúirt Maois: “Um thrathnóna tabharfaidh an Tiarna feoil daoibh le hithe, agus ar maidin arán go smig; óir chuala an Tiarna na gearáin a rinne sibh ina choinne; ní inar gcoinne-ne bhur ngearain - óir céard é sinne? - ach i gcoinne an Tiarna.”
9 Dúirt Maois le hÁrón: “Abair le comhthionól chlann Iosrael go léir: ‘Tagaigí os comhair an Tiarna óir thug sé cluas do bhur ngearáin.’ ”
10 Agus Árón ag labhairt le comhthionól chlann Iosrael go léir, d'fhéachadar i dtreo an fhásaigh, agus féach, thaispeáin glóir an Tiarna í féin sa néal.
11 Ansin labhair an Tiarna le Maois:
12 “Chuala,” ar sé, “gearáin chlann Iosrael. Abair é seo leo: ‘Idir dhá sholas tráthnóna beidh feoil le hithe agaibh, agus ar maidin líonfar sibh le harán go smig; beidh a fhios agaibh ansin gur mise, an Tiarna, bhur nDia.’ ”
13 Agus is amhlaidh a bhí; an tráthnóna sin tháinig gearga aníos agus líonadar an campa go léir; agus ar maidin bhí brat drúchta timpeall an champa.
14 Nuair a scaip an drúcht bhí an rud mín plurach, mion mar an sioc liath, ina luí ar dhromchla an fhásaigh.
15 Nuair a chonaic clann Iosrael é dúradar lena chéile: “Cad é seo (man hú)?” mar nárbh fhios dóibh cad é. “Sin é,” arsa Maois, “an t‑arán a thug an Tiarna le hithe daoibh.
16 Seo mar a d'ordaigh an Tiarna daoibh: ‘Cruinníodh gach duine agaibh riar a cháis de, ómar an duine de réir an líon daoine atá ag gach duine ina bhoth.’ ”
17 Rinne clann Iosrael amhlaidh; chruinníodar é, cuid díobh breis, cuid díobh níos lú.
18 Nuair a thomhaiseadar é le hómar ansin, an té a chruinnigh breis ní raibh aon fhearasbarr aige; agus an té a chruinnigh níos lú ní raibh aon easnamh air. Bhí a sháith cruinnithe ag gach duine.
19 Dúirt Maois leo: “Ná fágadh aon duine aon chuid de go maidin.”
20 Ní dhearnadar rud ar Mhaois agus choimeád cuid acu roinnt de go maidin, ach tháinig cruimheanna ann agus boladh bréan uaidh; bhí fearg ar Mhaois chucu.
21 Maidin i ndiaidh na maidine dhéanaidís é a chnuasach, gach duine oiread agus a d'íosfadh sé, ach le teas na gréine leádh sé.
22 Ar an séú lá ansin chruinníodar a dhá oiread bia, dhá ómar an duine agus nuair a tháinig ceannairí an tslua agus a dúradar é sin le Maois,
23 dúirt seisean leo: “Seo mar a d'ordaigh an Tiarna: ‘Lá saoire iomlán an lá amárach, sabóid naofa don Tiarna. Bácálaigí a bhfuil le bácáil, beirigí a bhfuil le beiriú, agus a mbeidh fágtha, cuirigí i leataobh é go dtí amárach.’ ”
24 Chuireadar i leataobh é go dtí lá arna mhárach mar a d'ordaigh Maois; níor éirigh sé bréan ná níor tháinig cruimheanna ann.
25 “Ithigí inniu é!” arsa Maois leo, “mar is sabóid don Tiarna an lá inniu; ní bheidh sé le fáil ar an mbán inniu.
26 Baileoidh sibh é sé lá, ach ar an seachtú lá, an tsabóid, ní bheidh sé ann.”
27 Ar an seachtú lá áfach chuaigh cuid den phobal amach chun é a bhailiú ach ní bhfuaireadar aon phioc.
28 Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “An fada eile a dhiúltóidh sibh m'aitheanta agus mo dhlíthe a choimeád?
29 Féach! thug an Tiarna an tsabóid daoibh; uime sin tugann sé dóthain dhá lá de bhia daoibh ar an séú lá; fanadh gach duine agaibh mar a bhfuil sé; ná fágadh aon duine a bhaile ar an seachtú lá.”
30 Staon an pobal ó obair ar fad dá bhrí sin ar an seachtú lá.
31 Thug teaghlach Iosrael manna air; ba chosúil le síol coiriandair é, é bán agus blas air mar a bheadh ar abhlanna a dhéanfaí le mil.
32 Agus dúirt Maois: “Seo mar a d'ordaigh an Tiarna: ‘Líon ómar de le coimeád do shliocht bhur sleachta, i dtreo go bhfeicfidh siad an bia lenar bheathaigh mé sibh san fhásach nuair a thug mé amach ó thír na hÉigipte sibh.’ ”
33 Agus dúirt Maois le hÁrón: “Faigh crúsca agus cuir ómar manna ann agus cuir os comhair an Tiarna é, le coimeád do shliocht bhur sleachta.”
34 Rinne Árón mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois agus chuir sé os comhair na Fianaise é le coimeád.
35 Bhí an manna á ithe ag clann Iosrael ar feadh daichead bliain nó go dtángadar go críocha ináitribh. Bhíodar ag ithe an mhanna nó go dtángadar go teorainn Chanán.
36 (Deachú éafá is ea ómar.)