Eaxodus 7 ABN

1 Dúirt an Tiarna le Maois: “Féach! déanfaidh mé dia díot d'Fhorann agus beidh Árón do dheartháir mar fháidh agat.

2 Caithfidh tú féin gach a n‑ordóidh mé duit a insint dó agus déarfaidh Árón le Forann clann Iosrael a ligean as a thír.

3 Déanfaidh mise croí Fhorainn a chruachan agus comharthaí agus míorúiltí a chur i ngníomh i dtír na hÉigipte.

4 Ní éisteoidh Forann libhse; agus leagfaidh mise dá bhrí sin mo lámh ar an Éigipt agus seolfaidh mé mo shluaite, mo phobal, clann Iosrael amach as tír na hÉigipte le héachtaí breithiúnais.

5 Agus tabharfar le fios do na hÉigiptigh go léir gur mise an Tiarna nuair a shínfidh mé mo lámh in aghaidh na hÉigipte agus a thabharfaidh mé clann Iosrael amach óna measc.”

6 Rinne Maois agus Árón amhlaidh; rinneadar gach a ndúirt an Tiarna leo.

7 Bhí Maois ceithre fichid bliain d'aois agus Árón trí bliana agus ceithre fichid nuair a labhraíodar le Forann.

An tSlat ina Nathair

8 Dúirt an Tiarna le Maois agus le hÁrón:

9 “Nuair a déarfaidh Forann libh: ‘Déanaigí míorúilt mar chruthúnas oraibh féin,’ ní foláir duitse a rá le hÁrón: ‘Tóg do shlat agus caith síos ansiúd ar bhéala Fhorainn í agus déantar nathair nimhe di.’ ”

10 Chuaigh Maois agus Árón dá bhrí sin go Forann agus rinneadar mar a d'ordaigh an Tiarna dóibh. Chaith Árón a shlat síos ar bhéala Fhorainn agus a shearbhóntaí agus rinneadh nathair nimhe di.

11 Ansin chuir Forann chomh maith fios ar a shaoithe agus ar a asarlaithe agus le barr draíochta rinne draíodóirí na hÉigipte mar an gcéanna.

12 Chaith gach duine díobh a shlat uaidh ar an talamh agus rinneadh nathair nimhe di. Ach shlog slat Árón slata na ndraíodóirí.

13 Ach bhí croí Fhorainn cruaite agus ní éisteodh sé leo faoi mar a dúirt an Tiarna.

An Chéad Phlá

14 Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Tá croí Fhorainn ina chloch. Diúltaíonn sé ligean don phobal imeacht.

15 Éirigh go Forann ar maidin agus é ag dul chun an uisce, agus fan leis ar bhruach na habhann agus tabhair leat i do láimh an tslat a ndearnadh nathair nimhe di.

16 Abair leis mar seo: ‘Sheol an Tiarna, Dia na nEabhrach, mise chugat á rá: Lig do mo phobal imeacht go ndéanfaidh siad íobairt dom san fhásach; féach, níor thug tú aon toradh orm fós.

17 Mar seo a deir an Tiarna: Tabharfar le fios duit ar an gcuma seo gur mise an Tiarna: leis an tslat seo i mo láimh buailfidh mé uisce na habhann agus déanfar fuil de.

18 Gheobhaidh na héisc san abhainn bás agus bréanfaidh an t‑uisce agus beidh an ghráin ag na hÉigiptigh ar uisce a ól aisti.’ ”

19 Dúirt an Tiarna le Maois: “Abair le hÁrón: ‘Tóg do shlat agus sín do lámh os cionn uiscí na hÉigipte ar fad, os cionn a n‑aibhneacha agus os cionn a gcanálacha, os cionn a mbogach agus os cionn a linnte i dtreo go ndéanfar fuil díobh go léir ar fud tír na hÉigipte, go fiú lán an tobáin agus an chrúsca.’ ”

20 Rinne Maois agus Árón mar a d'ordaigh an Tiarna dóibh. D'ardaigh sé a shlat i bhfianaise Fhorainn agus i bhfianaise a shearbhóntaí, agus bhuail sé an t‑uisce a bhí san abhainn agus rinneadh fuil dá raibh d'uisce san abhainn.

21 Fuair an t‑iasc a bhí san abhainn bás agus bhréan an abhainn i dtreo nár fhéad na hÉigiptigh uisce a ól aisti; agus bhí fuil ar fud thalamh na hÉigipte go léir.

22 Ach rinne draíodóirí na hÉigipte mar an gcéanna lena gcleasa draíochta; agus d'fhan croí Fhorainn crua mar a bhí agus, faoi mar a bhí ráite ag an Tiarna, ní éisteodh sé leo.

23 D'fhill Forann agus d'imigh ar ais chun a thí agus níor thóg sé ceann fiú amháin de seo.

24 Rinne na hÉigiptigh go léir poill a thochailt ar feadh na habhann chun uisce a fháil le hól mar nárbh fhéidir leo uisce na habhann a ól.

25 Ghabh seacht lá thart tar éis don Tiarna an abhainn a bhualadh.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36 37 38 39 40