Eaxodus 11 ABN

Bás na gCéadghinte á Fhógairt

1 Dúirt an Tiarna le Maois: “Tá aon phlá amháin eile agam le cur ar Fhorann agus ar an Éigipt; ligfidh sé daoibh imeacht as seo ina dhiaidh sin; nuair a ligfidh sé daoibh imeacht tiomáinfidh sé chun siúil ar fad sibh.

2 Labhair anois i gcomhchlos an phobail á rá leo go n‑iarrfadh gach fear ar a chomharsa, agus gach bean ar a comharsa-sa, seoda airgid agus óir.”

3 Thug an Tiarna fabhar don phobal i súile na nÉigipteach; agus Maois féin, ba dhuine mór le rá é i gcríocha na hÉigipte, i súile shearbhóntaí Fhorainn agus an phobail.

4 Dúirt Maois: “Seo mar a deir an Tiarna: Rachaidh mé thart ar fud na hÉigipte i lár na hoíche.

5 Gheobhaidh gach céadghin i dtír na hÉigipte bás, ó chéadghin Fhorainn, oidhre a chorónach, go céadghin na daoirsí ar chúl an mhuilinn; agus céadghin gach beithígh.

6 Beidh racht olagóin chomh tréan sin ar fud na hÉigipte ar fad nár chualathas a leithéid riamh roimhe sin agus nach ndéanfar go brách arís.

7 Ach ní thabharfaidh oiread agus madra sceamh ar aon duine de chlann Iosrael sa chás go mbeidh a fhios agaibh conas mar a dhéanann an Tiarna idirdhealú idir mhuintir na hÉigipte agus chlann Iosrael.

8 Ansin tiocfaidh na searbhóntaí seo go léir agat ag triall orm agus sléachtfaidh siad dom á rá: ‘Amach leat, agus leis an bpobal go léir a leanann thú!’ Ansin imeoidh mé amach.” Agus ghabh Maois amach ó láthair Fhorainn agus é ar lasadh le fearg.

9 Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Ní éisteoidh Forann leat i dtreo go méadófar ar mo mhíorúiltí i dtír na hÉigipte.”

10 Rinne Maois agus Árón na míorúiltí seo go léir i láthair Fhorainn, ach chruaigh an Tiarna croí Fhorainn agus níor lig sé do chlann Iosrael dul amach as a chríocha.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36 37 38 39 40