Eaxodus 5 ABN

I Láthair Fhorainn

1 Ansin chuaigh Maois agus Árón go Forann agus dúirt leis: “Seo mar a deir an Tiarna Dia Iosrael: ‘Lig do mo phobal imeacht go ndéanfaidh siad ceiliúradh domsa san fhásach.’ ”

2 Ach dúirt Forann: “Cé hé an Tiarna seo go n‑éistfinnse lena ghlór agus Iosrael a ligean chun siúil? Táim dall ar an Tiarna agus ní ligfidh mé Iosrael chun siúil.”

3 “Tháinig Dia na nEabhrach an treo chugainn,” ar siad; “tabhair cead dúinn aistear trí lá a dhéanamh isteach san fhásach chun íobairt a dhéanamh don Tiarna ár nDia le heagla go dtiocfadh sé sa mhullach orainn le plá nó le faobhar claímh.”

4 Dúirt rí na hÉigipte leo: “A Mhaois agus a Árón, cad chuige daoibh an pobal a bhreith óna saothar. Téigí i mbun bhur gcuid oibre!”

5 Agus lean Forann air: “Seo iad pobal na tíre dulta i líonmhaire agus an áil libh saoire a thabhairt dóibh ona saothar?”

Breis Cruatain

6 An lá ceannann céanna sin thug Forann ordú do shaoistí saothair an phobail agus do na maoir:

7 “Ná tugaigí tuí don phobal feasta chun na brící a dhéanamh, rud a dhéanadh sibh - téidís agus cruinnídís tuí dóibh féin.

8 Ach an líon brící a dhéanaidís go dtí seo, bíodh sin de thasc agaibh orthu, gan aon laghdú ar bith air. Díomhaointeas atá orthu; uime sin a ghlaonn siad: ‘Téanaigí agus déanaimis íobairt chun ár nDé.’

9 Cuirtear breis oibre ar na fir seo i dtreo go gcaithfidh siad luí léi agus gan a bheith ag cur spéise i mbriathra baotha.”

Breis Saothair

10 Chuaigh saoistí saothair an phobail agus na maoir amach agus dúradar leis an bpobal: “Seo mar a deir Forann: ‘Ní thabharfaidh mé tuí daoibh.

11 Imígí féin agus cruinnígí tuí daoibh féin cibé áit ina mbeidh fáil agaibh uirthi. Ach ní lúide aon phioc bhur dtasc an méid sin.’ ”

12 Amach leis an bpobal ar fud chríocha na hÉigipte ag bailiú coinlíní le haghaidh tuí.

13 Luigh na saoistí orthu á rá: “Comhlíonaigí bhur saothar, bhur dtasc lae, faoi mar nuair a bhí soláthar tuí ann daoibh.”

14 Agus na maoir a cheap na saoistí saothair os cionn chlann Iosrael, sciúrsáladh iad agus fiafraíodh díobh: “Cén fáth nach bhfuil líon bhur dtasc de bhrící déanta agaibh inné ná inniu mar a bhíodh cheana?”

15 Maoir chlann Iosrael, chuadar go Forann agus rinneadar gearán: “Cad chuige a gcaitheann tú mar sin le do shearbhóntaí?” ar siad.

16 “Níl aon tuí á soláthar do do shearbhóntaí, ach liútar éitear orainn: ‘Déanaigí brící!’ Agus seo anois do shearbhóntaí á sciúrsáil, ach [is ar] do mhuintir féin an locht.”

17 “Díomhaointeas agus a thuilleadh den díomhaointeas atá oraibh,” ar sé. “Uime sin a deir sibh: ‘Téanaigí agus déanaimis íobairt don Tiarna.’

18 Imígí libh dá bhrí sin agus téigí i mbun bhur saothair. Ní bhfaighidh sibh tuí ar bith, ach caithfidh sibh an líon céanna brící a chur ar fáil.”

19 Is maith a bhí a fhios ag maoir chlann Iosrael gurbh olc an áit ina rabhadar agus é á rá leo: “Ní dhéanfaidh sibh laghdú ar bith ar líon bhur mbrící in aghaidh an lae.”

20 Ar an tslí amach dóibh ó láthair Fhorainn bhuail siad le Maois agus Árón a bhí ag feitheamh leo;

21 agus dúradar leo: “Go bhféacha an Tiarna anuas oraibh agus go dtuga sé breith oraibh mar chuir sibh olc ar Fhorann agus ar a shearbhóntaí chugainn, agus tá claíomh curtha ina láimh agaibh chun sinn a mharú.”

22 Agus d'fhill Maois arís ar an Tiarna: “Cad chuige duit, a Thiarna,” ar sé, “caitheamh chomh dian sin le do phobal? Cad chuige duit mé a sheoladh uait riamh?

23 Óir ó tháinig mé go Forann agus gur labhair mé leis i d'ainmse, is olc an íde atá á himirt aige ar an bpobal seo, gan tusa á bhfuascailt ar aon chor.”

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36 37 38 39 40