3 Íosácár, Zabúlun agus Biniáimin,
4 Dán agus Naftáilí, Gád agus Áiséar.
5 Deichniúr agus trí fichid ar fad sliocht Iacóib; bhí Iósaef cheana féin san Éigipt.
6 Ansin cailleadh Iósaef agus a dheartháireacha go léir, agus an ghlúin sin uile.
7 Ach bhí an rath ar shliocht Iosrael agus chuadar i líonmhaire go mór; chuadar in iomadúlacht agus i dtreise go héachtach, i dtreo gur líonadar an tír.
8 Tháinig rí nua i réim san Éigipt, gan aon aithne aige ar Iósaef.
9 Agus dúirt seisean lena mhuintir: “Muintir seo Iosrael, féachaigí conas mar a sháraíonn siad sinn i líonmhaire agus i neart.