8 Tháinig rí nua i réim san Éigipt, gan aon aithne aige ar Iósaef.
9 Agus dúirt seisean lena mhuintir: “Muintir seo Iosrael, féachaigí conas mar a sháraíonn siad sinn i líonmhaire agus i neart.
10 Téanaigí agus bímis glic leo d'fhonn nach méadódh ar a líon, agus, má thagann cogadh orainn, nach dtaobhóidís lenár naimhde agus troid inár n‑aghaidh agus éalú as an tír.”
11 Uime sin chuireadar saoistí saothair os a gcionn chun iad a chloí le hualaí troma; agus thógadar na cathracha Pition agus Ramasaes d'Fhorann.
12 Ach dá mhéad a luíodh orthu, is ea is mó a chuadar i líonmhaire agus a leathadar. Agus tháinig scanradh ar na hÉigiptigh roimh mhuintir Iosrael.
13 Chuireadar iallach ar mhuintir Iosrael dá bhrí sin seirbhis an éigin a dhéanamh,
14 agus d'fhágadar an saol go searbh acu le saothar dian i mbun moirtéil agus brící agus gach sórt saothair sna goirt; bhrúdar gach sort saothair orthu.