2 agus i dtreo go n‑eachtrófása do do mhac agus do mhac do mhic conas mar a bhuail mé bob ar na hÉigiptigh agus go mbeadh a fhios agaibh gur mise an Tiarna.”
3 Chuaigh Maois agus Árón dá bhrí sin isteach go Forann agus dúradar leis: “Seo mar a deir an Tiarna, Dia na nEabhrach: ‘An fada eile a dhiúltóidh tú géilleadh dom? Lig do mo phobal imeacht agus íobairt a dhéanamh dom.
4 Óir má dhiúltaíonn tú ligean do mo phobal imeacht, féach seolfaidh mise lócaistí isteach i do chríocha amárach;
5 agus clúdóidh siad aghaidh na talún i dtreo nach bhfaighidh aon duine radharc ar an talamh; alpfaidh siad a bhfuil fágtha agat tar éis an tsneachta agus alpfaidh siad gach crann leat dá bhfásann ar na bánta.
6 Líonfaidh siad do thithe agus tithe do shearbhóntaí go léir agus tithe na nÉigipteach go léir; ní fhaca d'aithreacha ná do shinsir a leithéid ón gcéad lá a chuireadar fúthu sa tír.’ ” Ansin d'iompaigh sé ar a sháil agus amach leis ó Fhorann.
7 Dúirt a shearbhóntaí le Forann ansin: “An fada a bheidh an fear seo ina chúis tranglaim againn? Lig don phobal imeacht go ndéanfaidh siad íobairt don Tiarna, a nDia. Nach bhfeiceann tú fós an íde atá imithe ar an Éigipt?”
8 Tugadh Maois agus Árón ar ais go Forann dá bhrí sin agus dúirt sé leo: “Imígí, déanaigí íobairt don Tiarna, bhur nDia. Ach cé tá le himeacht?”