7 Dúirt a shearbhóntaí le Forann ansin: “An fada a bheidh an fear seo ina chúis tranglaim againn? Lig don phobal imeacht go ndéanfaidh siad íobairt don Tiarna, a nDia. Nach bhfeiceann tú fós an íde atá imithe ar an Éigipt?”
8 Tugadh Maois agus Árón ar ais go Forann dá bhrí sin agus dúirt sé leo: “Imígí, déanaigí íobairt don Tiarna, bhur nDia. Ach cé tá le himeacht?”
9 “Tabharfaimid linn ár n‑óga agus ár liatha,” arsa Maois. “Tabharfaimid linn ár gclann mhac agus iníonacha, ár dtréada agus ar dtáinte, mar sí féile an Tiarna againn í.”
10 “Bíodh an Tiarna faraibh go brách, má scaoilimse libh féin agus le bhur miondaoine,” arsa Forann leo. “Féach, tá drochfhuadar fúibh!
11 Ní mar sin a bheidh! Téadh na fir agaibh, agus déanaidís íobairt don Tiarna. Sin é atá uaibh.” Agus tiomáineadh ó láthair Fhorainn iad.
12 Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Sín do lámh amach os cionn talamh na hÉigipte chun na lócaistí a thabhairt i dtreo go dtiocfaidh siad anuas ar thalamh na hÉigipte agus gach glasra ar an talamh, gach a d'fhág an clochshneachta, a alpadh.”
13 Shín Maois a shlat amach os cionn talamh na hÉigipte agus sheol an Tiarna gaoth anoir thar an talamh agus shéid sí an lá sin agus an oíche sin gan stad, agus leis an láchaint thug an ghaoth anoir na lócaistí.