1 Dúirt an Tiarna le Maois agus Árón i gcríocha na hÉigipte:
2 “Bíodh an mhí seo agaibh ar thús bhur míonna agus ina chéad mhí den bhliain agaibh.
3 Labhraígí le comhthionól Iosrael go léir agus abraigí:Ar an deichiú lá den mhí seo, tógadh gach fear uan ón tréad, ceann do gach clann, uan do gach líon tí.
4 Má bhíonn an líon tí róbheag chun an t‑uan a ithe, caithfidh an fear dul i gcomhar lena chomharsa béal dorais de réir mar a éilíonn líon na ndaoine. Ag comhaireamh líon ite an uain caithfidh sibh goile gach duine a mheas.