32 Beirigí libh bhur dtréada agus bhur dtáinte mar a d'iarr sibh, agus buailigí bóthar! agus cuirigí beannacht ormsa chomh maith!”
33 Bhí na hÉigiptigh ag tathant ar an bpobal brostú agus imeacht as an tír gan mhoill mar gan sin a dúradar “tá an bás againn!”
34 Thug an pobal an taos leo gan gabháile a bheith curtha ann, agus a losaidí ceangailte ina mbrait ar a nguaillí acu.
35 Bhí rud déanta ag clann Iosrael ar Mhaois chomh maith, mar d'iarradar seoda airgid agus óir agus éadaí ar na hÉigiptigh.
36 Thug an Tiarna oiread sin fabhair don phobal i súile na nÉigipteach gur ligeadar leo gach ar iarradar. Chreachadar na hÉigiptigh ar an gcuma sin.
37 Chuir clann Iosrael chun siúil ó Ramasaes go Sucót - sé chéad míle fear díobh dá gcois, seachas mná agus miondaoine.
38 Ghabh a lán daoine de gach sórt ina dteannta, agus a lán stoic idir thréada agus tháinte.