34 Thug an pobal an taos leo gan gabháile a bheith curtha ann, agus a losaidí ceangailte ina mbrait ar a nguaillí acu.
35 Bhí rud déanta ag clann Iosrael ar Mhaois chomh maith, mar d'iarradar seoda airgid agus óir agus éadaí ar na hÉigiptigh.
36 Thug an Tiarna oiread sin fabhair don phobal i súile na nÉigipteach gur ligeadar leo gach ar iarradar. Chreachadar na hÉigiptigh ar an gcuma sin.
37 Chuir clann Iosrael chun siúil ó Ramasaes go Sucót - sé chéad míle fear díobh dá gcois, seachas mná agus miondaoine.
38 Ghabh a lán daoine de gach sórt ina dteannta, agus a lán stoic idir thréada agus tháinte.
39 Bhácáladar builíní den taos slim a thugadar leo as an Éigipt; bhí an taos gan ghabháile mar gur tiomáineadh as an Éigipt iad agus gan d'uain acu fanacht, agus gan lón bóthair a sholáthar dóibh féin.
40 Ceithre chéad agus deich mbliana fichead an fad a bhí caite ag clann Iosrael san Éigipt.