4 Má bhíonn an líon tí róbheag chun an t‑uan a ithe, caithfidh an fear dul i gcomhar lena chomharsa béal dorais de réir mar a éilíonn líon na ndaoine. Ag comhaireamh líon ite an uain caithfidh sibh goile gach duine a mheas.
5 Ní foláir an t‑uan agaibh a bheith gan mháchail, fireann agus in aois bliana; is cuma an meannán nó uan caorach a thógfaidh sibh.
6 Ní foláir daoibh é a choimeád go dtí an ceathrú lá déag den mhí seo nuair a mharóidh comhthionól uile Iosrael a n‑uain idir dhá sholas tráthnóna.
7 Ansin tógfaidh siad cuid den fhuil agus cuirfidh siad í ar dhá ursain agus ar fhardoras na dtithe ina mbíonn sé á ithe acu.
8 Íosfaidh siad an fheoil an oíche sin arna róstadh ar thine; beidh arán gan ghabháile agus luibheanna searbha mar anlann léi.
9 Ná hithigí aon chuid de amh ná bruite in uisce, ach rósta ar thine - idir cheann agus chosa agus ionathar.
10 Ná fágaigí aon fhuílleach de gan ithe go maidin; a mbeidh gan ithe go maidin, loiscigí é [agus ní bhrisfidh sibh cnámh ann].