40 Ceithre chéad agus deich mbliana fichead an fad a bhí caite ag clann Iosrael san Éigipt.
41 An lá ceannann céanna ar a raibh an ceithre chéad agus deich mbliana fichead slán, d'imigh sluaite uile an Tiarna amach as tír na hÉigipte.
42 Rinne an Tiarna faire an oíche úd chun iad a thabhairt amach as an Éigipt; ní foláir dá bhrí sin do chlann Iosrael go léir ó ghlúin go glúin, faire a dhéanamh in onóir an Tiarna an oíche úd.
43 Dúirt an Tiarna le Maois agus Árón: “Seo é reacht na Cásca: Ná hitheadh aon eachtrannach aon chuid di;
44 ach aon daor a ceannaíodh ar airgead ní miste é a ithe coda di, ach é a bheith timpeallghearrtha.
45 Ní ceadmhach d'aon deoraí ná d'aon fhear tuarastail aon chuid di a ithe.
46 Itear an t‑uan san aon teach amháin; ná tógtar aon chuid den fheoil lasmuigh den teach; ná brisigí aon chnámh ann.