10 Comhlíon an reacht seo gach bliain dá bhrí sin ag an am atá beartaithe dó. ”
11 “Nuair a thabharfaidh an Tiarna thú go dtír na gCanánach, rud a mhionnaigh sé duit féin agus do d'aithreacha a dhéanfadh sé, agus an tír a thabhairt duit,
12 déan gach céadghin a osclóidh broinn a choisreacan don Tiarna; mar an gcéanna le gach céadghin ó ainmhí, is leis an Tiarna na fireannaigh orthu.
13 Gach céadghin asail, déan é a fhuascailt ar uan, nó mura ndéanann tú, bris a mhuineál. Gach céadghin mic ar do chlann mhac, déan é a fhuascailt.
14 Nuair a chuirfidh do mhac ceist chugat san am atá romhat: ‘Cén chiall atá leis seo?’ déarfaidh tú leis: ‘Thug an Tiarna amach sinn ón Éigipt, ó theach na daoirse;
15 óir nuair a dhiultaigh Forann le barr ceanndáine ligean dúinn imeacht, mharaigh an Tiarna gach céadghin i gcríocha na hÉigipte, idir chéadghin an duine agus chéadghin an ainmhí. Uime sin íobraím don Tiarna gach fireannach a chéadosclaíonn broinn; ach gach céadghin mhic liom, fuasclaím é.’
16 Beidh an tseirbhís mar mharc ar do láimh agat, nó mar lann ar d'éadan; óir thug an Tiarna as an Éigipt amach sinn le láimh láidir.”