18 Ach threoraigh Dia an timpeall iad tríd an bhfásach go dtí Muir na nGiolcach. Ghabh clann Iosrael as an Éigipt amach faoi chóiriú catha.
19 Thug Maois cnámha Iósaef leis mar gur chuir seisean clann Iosrael faoi bhrí na mionn á rá: “Déanfaidh Dia sibh a fhiosrú, déanfaidh sin; agus ansin ní foláir daoibh mo chnámha a bhreith ón áit seo.”
20 Ghluaiseadar ar aghaidh ó Shucót agus shuíodar a gcampa in Éatám ar imeall an fhásaigh.
21 Ghabh an Tiarna rompu mar cholún néil sa lá ag tabhairt eolas na slí dóibh, agus mar cholún tine san oíche ag tabhairt solais dóibh, i dtreo nár chás dóibh taisteal de lá nó d'oíche.
22 Níor theip an colún néil sa lá ná an colún tine san oíche, ach lean ar aghaidh os comhair an phobail.