1 Agus labhair an Tiarna le Maois:
2 “Abair,” ar sé, “le clann Iosrael filleadh agus campáil os comhair Phí Haichíorót idir Migdeol agus an fharraige, os coinne Bhálzafón. Suígí bhur gcampa sall ón áit sin cois na farraige.
3 Óir déarfaidh Forann leis féin: ‘Féach mar atá clann úd Iosrael ar seachran san fhásach; d'iaigh an fásach orthu.’
4 Ansin cruafaidh mé croí Fhorainn agus rachaidh sé sa tóir orthu agus bainfidh mé glóir amach de bharr Fhorainn agus a shlua; beidh a fhios ag na hÉigiptigh gur mise an Tiarna.” Rinneadar amhlaidh.
5 Nuair a insíodh do rí na hÉigipte go raibh an pobal bailithe leo, tháinig malairt aigne air féin agus ar a shearbhóntaí i dtaobh an phobail. “Cad é seo atá déanta againn,” ar siad, “á rá is gur scaoileamar le hIosrael óna seirbhís dúinn?”
6 Ghabh Forann a charbad dá bhrí sin agus thionóil sé a shlua.
7 Thóg sé sé chéad de thogha na gcarbad agus carbaid eile na hÉigipte go léir agus foireann thofa le gach ceann.