11 agus dúradar le Maois: “B'ea ann nach raibh aon uaigheanna san Éigipt a rá is gur chaith tú sinn a sheoladh amach chun bás a fháil san fhásach? Cén mhaith dúinn thú dár mbreith amach as an Éigipt?
12 Nár phléamar é seo leat san Éigipt? ‘Lig dúinn,’ a dúramar, ‘seirbhís a dhéanamh do na hÉigiptigh; b'fhearr dúinn bheith ag déanamh seirbhíse do na hÉigiptigh ná bás a fháil san fhásach!’ ”
13 D'fhreagair Maois an pobal: “Bíodh misneach agaibh!” ar sé; “seasaigí an fód! agus feicfidh sibh conas a fhuasclóidh an Tiarna sibh inniu. Mar na hÉigiptigh a fheiceann sibh inniu, ní fheicfidh sibh go brách arís.
14 Troidfidh an Tiarna ar bhur son; ní gá daoibh ach fanacht socair.”
15 Dúirt an Tiarna le Maois: “Cén fáth go bhfuil tú ag glaoch orm? Abair le clann Iosrael dul ar aghaidh.
16 Ardaigh do shlat agus sín do lámh os cionn na farraige agus deighil ó chéile í i dtreo go siúlfaidh clann Iosrael ar thalamh tirim tríd an bhfarraige.
17 Agus cruafaidh mé croíthe na nÉigipteach i dtreo go rachaidh siad isteach ina ndiaidh. Gheobhaidh mé glóir de bharr Fhorainn agus a airm go léir agus a charbad agus a mharcshlua.