5 Nuair a insíodh do rí na hÉigipte go raibh an pobal bailithe leo, tháinig malairt aigne air féin agus ar a shearbhóntaí i dtaobh an phobail. “Cad é seo atá déanta againn,” ar siad, “á rá is gur scaoileamar le hIosrael óna seirbhís dúinn?”
6 Ghabh Forann a charbad dá bhrí sin agus thionóil sé a shlua.
7 Thóg sé sé chéad de thogha na gcarbad agus carbaid eile na hÉigipte go léir agus foireann thofa le gach ceann.
8 Chruaigh an Tiarna croí Fhorainn rí na hÉigipte agus chuaigh sé sa tóir ar chlann Iosrael agus iad ag cur díobh faoi thréanchosaint.
9 Chuaigh na hÉigiptigh sa tóir orthu le heachra agus le carbaid Fhorainn lena mharcshlua agus lena arm go léir; agus thángadar orthu agus a gcampa suite acu cois na farraige ag Pí Haichíorót os coinne Bhálzafón.
10 Agus Forann ag druidim leo d'fhéach clann Iosrael ina dtimpeall, agus b'shiúd na hÉigiptigh sa tóir orthu! Tháinig scéin orthu, agus ghlaoigh clann Iosrael ar an Tiarna;
11 agus dúradar le Maois: “B'ea ann nach raibh aon uaigheanna san Éigipt a rá is gur chaith tú sinn a sheoladh amach chun bás a fháil san fhásach? Cén mhaith dúinn thú dár mbreith amach as an Éigipt?