10 Shéid tú anáil, agus d'iaigh an fharraige orthu.Chuadar faoi mar luaidhe sna huiscí gáifeacha.
11 Cé is cosúil leat ar na déithe, a Thiarna?Cé is cosúil leat, a Thiarna, le mórgacht do naofachtale huafás d'éachtaí glórmhara agus leis na hiontais a chuireann tú i gcrích?
12 Shín tú amach do dheaslámh agus shlog an talamh iad.
13 Threoraigh tú le teann grá an pobal a d'fhuascail tú;rinne tú eolas dóibh le do neart chun d'áitribh naofa.
14 Ar a chlos seo dóibh, tháinig ballchrith ar na ciníocha;chuaigh áithritheoirí na Filistíne i gceas naíon.
15 Tháinig suaitheadh ar phrionsaí Eadóm;bhí greim ag an gcreathán ar cheannairí Mhóáb;d'imigh leá ar áithritheoirí Chanán go léir.
16 Tháinig scéin agus scanradh orthu;mar gur thréan í do lámh, bhíodar gan cor astu dála na cloiche;go ndeachaigh do phobal thar bráid, a Thiarna;go ndeachaigh an pobal a d'fhuascail tú thar bráid.