19 Ghabh eachra Fhorainn isteach san fharraige lena gcarbaid agus lena gcarbadóirí, ach sheol an Tiarna uiscí na farraige siar orthu; shiúil clann Iosrael ar thalamh tirim tríd an bhfarraige.
20 Ansin Miriám banfháidh, deirfiúr Árón, thóg sí tiompán ina láimh agus lean na mná go léir í lena dtiompáin sa rince.
21 Chuir Miriám ceann ar an luinneog ag canadh dóibh:“Canaigí don Tiarna; rug sé bua le barr glóire!chaith sé i bhfarraige idir each agus charbadóir.”
22 Sheol Maois Iosrael ar aghaidh ó Mhuir na nGiolcach agus isteach leo i bhfásach Shiúr mar ar leanadar sa siúl tríd an bhfásach ar feadh trí lá gan uisce a fháil.
23 Nuair a shroicheadar Márá níorbh fhéidir leo uisce Mhárá a ól lena sheirbhe; uime sin a tugadh Márá ar an áit.
24 Bhí an pobal ag monabhar in aghaidh Mhaois. “Cad tá le hól againn?” a deiridís.
25 Ghlaoigh Maois chun an Tiarna agus thaispeáin an Tiarna crann dó; chaith Maois é sin isteach san uisce agus d'éirigh sé milis.Ansiúd a rinne [an Tiarna] statúid agus reacht dóibh;ansiúd a rinne sé iad a phromhadh.