2 An Tiarna mo neart, mo dhán;eisean mo shlánú.Eisean mo Dhia, agus molfaidh mé é.Dia m'athar, agus móraim é!
3 Fear faobhair an Tiarna!An Tiarna a ainm.
4 Threascair sé carbaid Fhorainn agus a shlua san fharraige;d'fhág sé togha a mharcach báite i Muir na nGiolcach.
5 Chlúdaigh na tuilte iad;chuadar go tóin poill mar a dhéanfadh cloch.
6 Is glórmhar cumhacht í do dheaslámh, a Thiarna;rinne do dheaslámh, a Thiarna, smidiríní den namhaid.
7 Le neart do mhórgachta, rinne tú lucht d'ionsaithe a threascairt;scaoil tú le fraoch d'fheirge agus d'alp sé iad mar choinleach.
8 Le sraoth do pholláirí rinne cnocáin de na huiscíagus sheas na tonnta mar chlaí;dhlúthaigh na haigéin i gceartlár na mara.