10 Rinne Iósua rud ar Mhaois agus throid le hAmailéic ach chuaigh Maois agus Árón agus Húr go mullach an chnoic.
11 Fad a choinnigh Maois a lámh in airde, bhí an lá le hIosrael, ach nuair a ligeadh sé anuas í, bhíodh le hAmailéic.
12 Ach bhuail tuirse lámha Mhaois agus fuaireadar cloch agus chuireadar faoi í. Shuigh sé uirthi agus Árón agus Húr ag coinneáil a lámh in airde, duine ar gach taobh de, agus bhí a lámha gan cor astu go fuineadh gréine.
13 Threascair Iósua Amailéic agus a mhuintir chun láir le faobhar claímh.
14 Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Scríobh an beart seo síos i leabhar lena chuimhne a choimeád agus aithris i gcomhchlos Iósua go scriosfaidh mé cuimhne Amailéic de dhroim na talún ar fad.”
15 Ansin thóg Maois altóir agus thug sé An Tiarna Mo Bhratach uirthi, mar go ndúirt sé: 16 “Beirigí greim ar bhratach an Tiarna óir tá an Tiarna i gcogadh le hAmailéic ó ghlúin go glúin.”