5 Agus dúirt an Tiarna le Maois: “Tabhair leat cuid de sheanóirí Iosrael agus téigh ar thosach an phobail. Beir i do láimh ar an tslat lenar bhuail tú an abhainn, agus seo leat.
6 Féach! beidh mé i mo sheasamh ansiúd ar an gcarraig romhat (i Horaeb). Buail an charraig agus snífidh uisce aisti le hól ag an bpobal.” Agus rinne Maois amhlaidh i láthair sheanóirí Iosrael.
7 Thug sé Masá agus Miríbeá ar an áit de bharr chasaoid chlann Iosrael agus go ndearnadar promhadh ar an Tiarna á rá: “An bhfuil an Tiarna farainn nó nach bhfuil?”
8 Ansin tháinig Amailéic agus d'ionsaigh sé Iosrael i Reifídím.
9 Agus dúirt Maois le Iósua: “Togh buíon fear dúinn agus téigh amach chun troda le hAmailéic ar maidin amárach. Seasfaidh mise ar mhullach an chnoic agus slat Dé i mo láimh.”
10 Rinne Iósua rud ar Mhaois agus throid le hAmailéic ach chuaigh Maois agus Árón agus Húr go mullach an chnoic.
11 Fad a choinnigh Maois a lámh in airde, bhí an lá le hIosrael, ach nuair a ligeadh sé anuas í, bhíodh le hAmailéic.