7 Thug sé Masá agus Miríbeá ar an áit de bharr chasaoid chlann Iosrael agus go ndearnadar promhadh ar an Tiarna á rá: “An bhfuil an Tiarna farainn nó nach bhfuil?”
8 Ansin tháinig Amailéic agus d'ionsaigh sé Iosrael i Reifídím.
9 Agus dúirt Maois le Iósua: “Togh buíon fear dúinn agus téigh amach chun troda le hAmailéic ar maidin amárach. Seasfaidh mise ar mhullach an chnoic agus slat Dé i mo láimh.”
10 Rinne Iósua rud ar Mhaois agus throid le hAmailéic ach chuaigh Maois agus Árón agus Húr go mullach an chnoic.
11 Fad a choinnigh Maois a lámh in airde, bhí an lá le hIosrael, ach nuair a ligeadh sé anuas í, bhíodh le hAmailéic.
12 Ach bhuail tuirse lámha Mhaois agus fuaireadar cloch agus chuireadar faoi í. Shuigh sé uirthi agus Árón agus Húr ag coinneáil a lámh in airde, duine ar gach taobh de, agus bhí a lámha gan cor astu go fuineadh gréine.
13 Threascair Iósua Amailéic agus a mhuintir chun láir le faobhar claímh.