12 Ansin d'ofráil Iatró athair céile Mhaois íobairt loiscthe agus ofrálacha do Dhia agus tháinig Árón agus seanóirí Iosrael go léir chun an béile a chaitheamh i gcuideachta athair céile Mhaois os comhair Dé.
13 Lá arna mhárach shuigh Maois i mbun bhreithiúnas an phobail agus bhí an pobal ina seasamh ina thimpeall ó mhaidin go tráthnóna.
14 Nuair a chonaic athair a chéile a raibh aige á dhéanamh don phobal dúirt sé: “Cad chuige an t‑ualach seo go léir a ghabháil ort féin ar son an phobail? Cad a b'áil leat i do shuí leat féin agus an pobal ina seasamh i do thimpeall ó mhaidin go tráthnóna?”
15 Thug Maois freagra ar athair a chéile: “Mar go dtagann an pobal chugam chun a gcásanna a chur faoi bhráid Dé.
16 Nuair a bhíonn aighneas eatarthu, tagann siad chugamsa agus réitímse na heasaontais idir duine agus a chomharsa agus tugaim teagasc dóibh i dtaobh reachtanna Dé agus a bhreithiúnais.”
17 “Ní cóir duit,” arsa athair chéile Mhaois leis, “an t‑ualach seo a chur ort féin.
18 Déanfar thú féin agus do phobal mar aon leat a thraochadh. Tá an obair róthrom duit; ní féidir duit é a dhéanamh leat féin.