23 Má dhéanann tú amhlaidh agus go n‑ordaíonn Dia amhlaidh duit, féadfaidh tú cur suas le d'ualach, agus rachaidh na daoine seo go léir abhaile faoi shíocháin.”
24 Thug Maois aird ar chomhairle athair a chéile agus rinne sé rud air.
25 Thogh Maois daoine cumasacha as Iosrael ar fad agus chuir i bhfeighil an phobail iad, ina gceannairí mílte, agus céadta, agus leathchéadta agus deichniúr.
26 Bhídís i mbun breithiúnais don phobal i gcónaí. Chuiridís na mórcheasta faoi bhráid Mhaois, ach réitídís féin na mioncheasta.
27 Ansin lig Maois dá athair céile imeacht, agus d'imigh seisean leis chun a dhúiche féin.