24 Thug Maois aird ar chomhairle athair a chéile agus rinne sé rud air.
25 Thogh Maois daoine cumasacha as Iosrael ar fad agus chuir i bhfeighil an phobail iad, ina gceannairí mílte, agus céadta, agus leathchéadta agus deichniúr.
26 Bhídís i mbun breithiúnais don phobal i gcónaí. Chuiridís na mórcheasta faoi bhráid Mhaois, ach réitídís féin na mioncheasta.
27 Ansin lig Maois dá athair céile imeacht, agus d'imigh seisean leis chun a dhúiche féin.