6 “Seo chugat athair do chéile, Iatró, agus do bhean agus do bheirt mhac ina teannta,” a dúradh le Maois.
7 Amach le Maois in airicis athair a chéile agus shléacht sé dó agus phóg é; tar éis dóibh tuairisc sláinte a chéile a chur, chuadar isteach sa bhoth.
8 Ansin d'eachtraigh Maois d'athair a chéile a ndearna an Tiarna le Forann agus leis na hÉigiptigh mar mhaithe le clann Iosrael, agus a dtainig de chruatan orthu ar an mbealach agus conas a d'fhuascail an Tiarna iad.
9 Tháinig áthas croí ar Iatró de bharr a ndearna an Tiarna de mhaith d'Iosrael á bhfuascailt ó lámha na nÉigipteach.
10 “Go mbeannaítear an Tiarna,” arsa Iatró ansin, “mar gur fhuascail sé sibh ó lámha na nÉigipteach, agus ó lámha Fhorainn.
11 Anois is ea atá a fhios agam gur mó an Tiarna ná na déithe go léir, mar gur fhuascail sé an pobal ó lámha na nÉigipteach nuair a bhíodar go huaibhreach leo.”
12 Ansin d'ofráil Iatró athair céile Mhaois íobairt loiscthe agus ofrálacha do Dhia agus tháinig Árón agus seanóirí Iosrael go léir chun an béile a chaitheamh i gcuideachta athair céile Mhaois os comhair Dé.