1 Ar an tríú ré nua ó tháinig clann Iosrael amach ó thír na hÉigipte, an lá sin shroicheadar fásach Shíonái.
2 Chuireadar chun siúil arís ó Reifídím agus nuair a shroicheadar fásach Shíonái, shuíodar a gcampa ansiúd san fhásach os comhair an tsléibhe.
3 Ansin chuaigh Maois suas chun Dé agus ghlaoigh an Tiarna air ón sliabh á rá: “Abair é seo le teaghlach Iacóib agus fógair é do chlann Iosrael:
4 ‘Chonaic sibh féin a ndearna mé leis na hÉigiptigh, agus conas mar a thóg mé liom sibh ar eití iolair agus a thug mé chugam féin sibh.
5 Uime sin má ghéilleann sibh do mo ghlór agus cloí le mo chonradh beidh sibhse, thar na ciníocha go léir, i mo sheilbhse ar leithrigh, óir is liomsa an domhan ar fad.
6 Beidh sibh agamsa in bhur ríocht sagart, in bhur náisiún coisricthe.’ Sin iad na briathra a labhróidh tú le clann Iosrael.”