3 Ansin chuaigh Maois suas chun Dé agus ghlaoigh an Tiarna air ón sliabh á rá: “Abair é seo le teaghlach Iacóib agus fógair é do chlann Iosrael:
4 ‘Chonaic sibh féin a ndearna mé leis na hÉigiptigh, agus conas mar a thóg mé liom sibh ar eití iolair agus a thug mé chugam féin sibh.
5 Uime sin má ghéilleann sibh do mo ghlór agus cloí le mo chonradh beidh sibhse, thar na ciníocha go léir, i mo sheilbhse ar leithrigh, óir is liomsa an domhan ar fad.
6 Beidh sibh agamsa in bhur ríocht sagart, in bhur náisiún coisricthe.’ Sin iad na briathra a labhróidh tú le clann Iosrael.”
7 D'imigh Maois leis ansin agus ghair chuige seanóirí an phobail agus chuir faoina mbráid na briathra sin go léir a d'ordaigh an Tiarna dó.
8 Agus d'fhreagair an pobal go léir d'aonghuth: “A bhfuil ráite ag an Tiarna, comhlíonfaimid.” Agus thug Maois freagra an phobail ar ais chun an Tiarna.
9 Agus dúirt an Tiarna le Maois: “Féach, táim ag dul síos chugat i scamall tiubh i dtreo go gcloisfeadh an pobal mé ag labhairt leat agus go mbeadh iontaoibh acu asat go deo” (agus thug Maois freagra an phobail ar ais chun an Tiarna).