1 Bhí duine de threibh Léiví agus phós sé bean de shliocht Leiví.
2 Ghabh an bhean gin agus rug sí mac, agus nuair a chonaic sí gur bhunóc bhreá é, chuir sí i bhfolach é ar feadh trí mhí.
3 Nuair a chuaigh di é a choimead faoi cheilt a thuilleadh, fuair sí cléibhín paipíre dó agus chuimil sí bitiúman agus pic de, agus chuir an leanbh ann, agus chuir i measc na n‑eileastram ar bhruach na habhann é.
4 Sheas a dheirfiúr i leataobh tamall féachaint cad a dhéanfaí leis.