19 “Shaor Éigipteach sinn,” ar siad, “ó lámha na n‑aoirí agus, fairis sin, tharraing sé uisce dúinn agus thug deoch don tréad.”
20 Agus dúirt seisean lena iníonacha: “Cá bhfuil mo dhuine? Cén fáth é a fhágáil ansiúd? Iarraigí air teacht agus bia a chaitheamh linn.”
21 Bhí Maois sásta cur faoi i bhfochair an duine seo agus thug seisean Zipiorá a iníon mar bhean dó.
22 Rug sí mac agus thug sé Géirsiom mar ainm air, “mar,” ar sé, “is deoraí (gér) mé i dtír iasachta.”
23 Le himeacht na fadaimsire sin tháinig an bás ar rí na hÉigipte; agus bhí clann Iosrael ag cneadaíl faoi chuing a ndaoirse agus scread siad ag iarraidh cabhrach agus tháinig a scread ó umar a ndaoirse i láthair Dé.
24 D'éist Dia lena gcnead agus chuimhnigh Dia ar a chonradh le hAbrahám, le hÍosác agus le Iacób.
25 D'fhéach Dia ar chlann Iosrael agus ba eol dó [a gcruachás].