22 Rug sí mac agus thug sé Géirsiom mar ainm air, “mar,” ar sé, “is deoraí (gér) mé i dtír iasachta.”
23 Le himeacht na fadaimsire sin tháinig an bás ar rí na hÉigipte; agus bhí clann Iosrael ag cneadaíl faoi chuing a ndaoirse agus scread siad ag iarraidh cabhrach agus tháinig a scread ó umar a ndaoirse i láthair Dé.
24 D'éist Dia lena gcnead agus chuimhnigh Dia ar a chonradh le hAbrahám, le hÍosác agus le Iacób.
25 D'fhéach Dia ar chlann Iosrael agus ba eol dó [a gcruachás].