6 D'oscail, d'fhéach, agus chonaic an leanbh fir, agus bhí an leanbh ag gol; bhí trua aici dó agus dúirt: “Leanbh le duine de na hEabhraigh é seo!”
7 Ansin dúirt a dheirfiúr le hiníon Fhorainn: “An rachaidh mé agus buime a ghairm ó i measc na mban Eabhrach chun an leanbh a oiliúint duit?”
8 “Déan,” arsa iníon Fhorainn léi, agus d'imigh an cailín agus ghlaoigh ar mháthair an linbh.
9 Agus dúirt iníon Fhorainn léi: “Beir leat an leanbh seo, agus oil dom é, agus ní fhágfaidh mé gan do thuarastal thú.” Thóg an bhean an leanbh agus d'oil.
10 Agus d'fhás an leanbh agus thug sí chun iníon Fhorainn é, agus bhí sé amhail mac aici, agus thug sí Maois air, “mar,” ar sí, “gur tharraing mé as an uisce é.”
11 Nuair a bhí Maois ina fhear chuaigh sé ar thuairisc a mhuintire lá agus chonaic sé cad é cruatan a bhí á fhulaingt acu; agus chonaic sé Éigipteach ag bualadh Eabhraigh, duine dá mhuintir.
12 D'fhéach sé anseo agus ansiúd agus nuair nach bhfaca sé aon duine, mharaigh sé an tÉigipteach agus chuir a chorp i bhfolach sa ghaineamh.