8 “Déan,” arsa iníon Fhorainn léi, agus d'imigh an cailín agus ghlaoigh ar mháthair an linbh.
9 Agus dúirt iníon Fhorainn léi: “Beir leat an leanbh seo, agus oil dom é, agus ní fhágfaidh mé gan do thuarastal thú.” Thóg an bhean an leanbh agus d'oil.
10 Agus d'fhás an leanbh agus thug sí chun iníon Fhorainn é, agus bhí sé amhail mac aici, agus thug sí Maois air, “mar,” ar sí, “gur tharraing mé as an uisce é.”
11 Nuair a bhí Maois ina fhear chuaigh sé ar thuairisc a mhuintire lá agus chonaic sé cad é cruatan a bhí á fhulaingt acu; agus chonaic sé Éigipteach ag bualadh Eabhraigh, duine dá mhuintir.
12 D'fhéach sé anseo agus ansiúd agus nuair nach bhfaca sé aon duine, mharaigh sé an tÉigipteach agus chuir a chorp i bhfolach sa ghaineamh.
13 Tháinig sé ar ais lá arna mhárach agus b'sheo beirt Eabhrach ag troid le chéile. Dúirt sé leis an té a bhí san éagóir: “Cén fáth gur bhuail tú do chomhthíreach?”
14 “Agus cé a cheap thusa,” ar seisean leis, “i do thaoiseach agus i do bhreitheamh orainne? An mé a mharú a ba áil leat, mar a mharaigh tú an tÉigipteach?” Tháinig scanradh ar Mhaois: “Ní foláir,” ar sé leis féin, “nó go bhfuil an scéal úd amuigh orm.”