1 Labhair Dia na briathra seo go léir. Dúirt sé:
2 “Mise an Tiarna do Dhia a thug thú amach as tír na hÉigipte agus as teach na daoirse.
3 Ná bíodh aon déithe eile agat i mo láthair.
4 Ná déan duit féin aon íomhá ghreanta, ná cosúlacht aon ní dá bhfuil ar neamh thuas, ná ar talamh thíos, ná sna huiscí atá faoin talamh.
5 Ná sléacht rompu agus ná déan iad a adhradh. Óir is Dia éadmhar mise, an Tiarna do Dhia, agus déanaim coir an athar a agairt ar an gclann mhac, agus ar chlann a chlainne go dtí an ceathrú glúin díobh siúd ar fuath leo mé,
6 ach déanaim cineáltas buan leis na mílte díobh siúd a thugann grá dom agus a choimeádann m'aitheanta.
7 Ná luaigh ainm an Tiarna, do Dhia, le mí-úsáid a bhaint as. Óir an té a luafaidh ainm an Tiarna le mí-úsáid a bhaint as, ní fhágfaidh an Tiarna gan phionós é.