15 Ná déan goid.
16 Ná tabhair fianaise bhréige in aghaidh do chomharsan.
17 Ná santaigh teach do chomharsan; ná santaigh bean do chomharsan, ná a dhaor ná a dhaoirseach, ná a dhamh ná a asal, ná aon ní is leis.”
18 Bhuail scéin is critheagla an pobal go léir leis na toirneacha, agus na tintreacha, agus glór an trumpa, agus deatach an tsléibhe agus sheasadar i bhfad siar.
19 “Labhair féin linn,” a dúradar le Maois, “agus éistfimid leat; ach ná labhraíodh Dia linn, nó caillfear sinn.”
20 Agus dúirt Maois leis an bpobal: “Ná bíodh eagla oraibh óir tháinig an Tiarna d'fhonn sibh a phromhadh, agus go mbeadh a eagla os comhair bhur súl agaibh agus nach ndéanfadh sibh peaca.”
21 D'fhan an pobal i bhfad siar dá bhrí sin agus dhruid Maois leis an scamall tiubh dorcha mar a raibh an Tiarna.