22 Dúirt an Tiarna le Maois: “Abair é seo le clann Iosrael:Chonaic sibh féin gur labhair mé libh ó neamh.
23 Ní dhéanfaidh sibh déithe airgid ná déithe óir le cur ina seasamh le mo thaobh, ná ní dhéanfaidh sibh a leithéid daoibh féin.
24 Altóir chré a thógfaidh sibh dom agus déanfaidh sibh bhur íobairtí loiscthe agus síochána ó bhur dtréada agus ó bhur dtáinte, a ofráil dom uirthi. Cibé áit ina mbeidh cuimhne ar m'ainm á dhéanamh, tiocfaidh mé chugat le beannacht duit.
25 Más altóir chloiche a dhéanfaidh tú dom, ní thógfaidh tú í de chlocha snoite; óir má bhíonn uirlis agat á himirt uirthi, beidh sí a truailliú agat.
26 Ní ar chéimeanna a rachaidh tú suas chun m'altora d'fhonn nach nochtfaí do nochtacht. ”