6 ach déanaim cineáltas buan leis na mílte díobh siúd a thugann grá dom agus a choimeádann m'aitheanta.
7 Ná luaigh ainm an Tiarna, do Dhia, le mí-úsáid a bhaint as. Óir an té a luafaidh ainm an Tiarna le mí-úsáid a bhaint as, ní fhágfaidh an Tiarna gan phionós é.
8 Cuimhnigh ar an tsabóid agus coinnigh naofa í.
9 Caithfidh tú sé lá ag obair agus déanfaidh tú do shaothar go léir,
10 ach an seachtú lá, is sabóid é don Tiarna do Dhia. An lá sin ná déan scaob oibre - tú féin ná do mhac, ná d'iníon, ná do dhaor ná do dhaoirseach, ná do stoc ná an deoraí atá faoi do dhíon.
11 Óir is i sé lá a rinne an Tiarna neamh agus talamh agus an fharraige, agus gach a bhfuil iontusan, ach ar an seachtú lá scoir sé ó obair. Uime sin bheannaigh an Tiarna lá na sabóide agus naomhaigh é.
12 Tabhair do d'athair agus do do mháthair onóir i dtreo go mba fada iad do laethanta ar an talamh a thug an Tiarna do Dhia duit.