1 “Seo iad na cinnte a chuirfidh tú rompu:
2 Nuair a cheannóidh tú daor Eabhrach, déanfaidh sé seirbhís sé bliana duit, ansin sa seachtú bliain, imeoidh sé leis saor gan aon fhiacha air.
3 Más singil a thagann sé, imeoidh sé singil; más pósta a thagann sé, imeoidh a bhean amach leis.
4 Má thugann a mháistir bean dó agus go mbronnann sí clann mhac agus iníonacha air, bainfidh an bhean agus an chlann leis an máistir, agus imeoidh sé leis féin amháin.
5 Ach má deir an daor go follas: Tá cion agam ar mo mháistir, ar mo bhean, agus ar mo chlann. Ní áil liom imeacht saor.