11 Má dhiúltaíonn sé na trí rudaí sin di, ní miste di imeacht léi, saor, in aisce.
12 Cibé a bhuaileann duine agus go bhfaigheann sé bás, ní foláir é a chur chun báis.
13 Murar fhan sé in eadarnaí air, ach gur sheol Dia ina lámha é, ansin ainmneoidh mé duit áit a bheidh ina thearmann dó.
14 Ach má leomhann duine a chomharsa a ionsaí d'aon ghnó agus a mharú le feall, ní foláir duit é a bhreith fiú ó m'altóir chun a mharaithe.
15 An té a bhuailfidh a athair nó a mháthair, ní foláir é a chur chun báis.
16 An té a fhuadaíonn fear - cibé acu a dhíolann sé é nó go bhfaightear ina sheilbh é - ní foláir é chur chun báis.
17 An té a chuireann mallacht ar a athair nó ar a mháthair, ní foláir é a chur chun báis.