22 Má leonann lucht imris bean throm agus go scarann sí lena gin, ach nach mbíonn deasca uirthi, díoladh an ciontach an éiric a éileoidh a céile; díoladh sé ar bhreith na mbreithiúna.
23 Ach má leanann deasca, ansin tabharfaidh tú anam ar anam,
24 súil ar shúil, fiacail ar fhiacail, lámh ar láimh, cos ar chois,
25 do ar dhó, goin ar ghoin, buille ar bhuille.
26 Má bhuaileann fear a dhaor nó a dhaoirseach sa tsúil, agus í a chur ó mhaith, scaoileadh sé saor an duine sin ar son na súile.
27 Má bhaineann sé fiacail as a dhaor nó as a dhaoirseach, scaoileadh sé saor an duine sin ar son na fiacaile.
28 Má leonann damh fear nó bean go marfach, gabhtar de chlocha sa damh, agus ná hitear a fheoil, ach ní bheidh an t‑úinéir ciontach.