24 súil ar shúil, fiacail ar fhiacail, lámh ar láimh, cos ar chois,
25 do ar dhó, goin ar ghoin, buille ar bhuille.
26 Má bhuaileann fear a dhaor nó a dhaoirseach sa tsúil, agus í a chur ó mhaith, scaoileadh sé saor an duine sin ar son na súile.
27 Má bhaineann sé fiacail as a dhaor nó as a dhaoirseach, scaoileadh sé saor an duine sin ar son na fiacaile.
28 Má leonann damh fear nó bean go marfach, gabhtar de chlocha sa damh, agus ná hitear a fheoil, ach ní bheidh an t‑úinéir ciontach.
29 Ach má bhí sé de nós ag an damh sá lena adharc roimhe sin, agus gur tugadh rabhadh dá úinéir ach nár choimeád sé faoi smacht é, agus go mairíonn sé fear nó bean, gabhtar de chlocha sa damh agus cuirtear a úinéir chun báis leis.
30 Má éilítear éiric air, ansin díoladh sé ar son a anama cibé rud a éileofar air.