5 Ach má deir an daor go follas: Tá cion agam ar mo mháistir, ar mo bhean, agus ar mo chlann. Ní áil liom imeacht saor.
6 Ansin tabharfaidh a mhaistir chun Dé é, á threorú chun an dorais nó na tairsí. Cuirfidh a mháistir poll ina chluais le meana, agus beidh sé ag fónamh dó lena shaol.
7 Má dhíolann fear a iníon mar dhaoirseach, ní imeoidh sí saor dala an daoir fir.
8 Mura dtaitníonn sí lena máistir a d'áirithigh dó féin í, ansin ligfidh sé í a fhuascailt; ní bheidh aon cheart aige í a dhíol le pobal deoranta, mar go raibh sé mídhílis di.
9 Más dá mhac a d'áirithigh sé í, cuirfidh sé cóir iníne uirthi.
10 Má ghabhann sé bean eile chuige, ní laghdóidh sé ar a bia, a deoch ná a cearta céile.
11 Má dhiúltaíonn sé na trí rudaí sin di, ní miste di imeacht léi, saor, in aisce.