15 Má mheallann duine maighdean nach bhfuil pósta, agus luí léi, ní foláir dó a coibhche a íoc agus glacadh léi mar bhean.
16 Má dhiúltaíonn a hathair glan í ligean leis, íocadh sé cothrom coibhche na maighdean.
17 Ná fág a beo ag bandraoi.
18 Aon duine a luífidh le hainmhí cuirtear chun báis é.
19 Aon duine a dhéanfaidh íobairt d'aon dia eile ach an Tiarna, scriostar faoin mbang é.
20 Ná déan éagóir ar dheoraí ná leatrom, mar ba dheoraithe sibh féin i gcríocha na hÉigipte.
21 Ná ciap baintreach ná dílleachta.