18 Aon duine a luífidh le hainmhí cuirtear chun báis é.
19 Aon duine a dhéanfaidh íobairt d'aon dia eile ach an Tiarna, scriostar faoin mbang é.
20 Ná déan éagóir ar dheoraí ná leatrom, mar ba dheoraithe sibh féin i gcríocha na hÉigipte.
21 Ná ciap baintreach ná dílleachta.
22 Má dhéanann tú iad a bhuaireamh agus go dtagann a nglao chugam, éistfidh mé leo, éistfead sin.
23 Adhnfaidh m'fhearg agus maróidh mé sibh leis an gclaíomh, agus fágfar bhur mná gan chéile agus bhur gclann gan athair.
24 Má thugann tú iasacht airgid d'aon bhochtán de mo phobal le d'ais, ná himir cleas an úsaire air agus ná héiligh ús uaidh.