20 Ná déan éagóir ar dheoraí ná leatrom, mar ba dheoraithe sibh féin i gcríocha na hÉigipte.
21 Ná ciap baintreach ná dílleachta.
22 Má dhéanann tú iad a bhuaireamh agus go dtagann a nglao chugam, éistfidh mé leo, éistfead sin.
23 Adhnfaidh m'fhearg agus maróidh mé sibh leis an gclaíomh, agus fágfar bhur mná gan chéile agus bhur gclann gan athair.
24 Má thugann tú iasacht airgid d'aon bhochtán de mo phobal le d'ais, ná himir cleas an úsaire air agus ná héiligh ús uaidh.
25 Má thogann tú riamh brat duine mar gheall tabhair ar ais dó é roimh luí na gréine;
26 óir sin a bhfuil aige d'éadach, sin é an brat a bhíonn faoina chorp aige, agus cad eile atá aige le codladh ann? Agus má ghlaonn sé orm, tabharfaidh mé cluas dó, mar is truachroíoch mé.