26 óir sin a bhfuil aige d'éadach, sin é an brat a bhíonn faoina chorp aige, agus cad eile atá aige le codladh ann? Agus má ghlaonn sé orm, tabharfaidh mé cluas dó, mar is truachroíoch mé.
27 Ná tabhair masla do Dhia ná mallacht do rialtóir ar do phobal.
28 Na bí mall ag ofráil ó lánmhaire d'urláir bhuailte ná ó mhaol do chantaoir fhíona. Ofráil céadghinte do mhac dom chomh maith.
29 Déan mar an gcéanna le d'eallach agus le do chaoirigh; fanadh an chéadghin seacht lá lena mháthair; ar an seachtú lá tabhair domsa é.
30 Beidh sibh in bhur ndaoine coisricthe domsa; uime sin ná hithigí feoil a stollfaidh na hainmhithe allta san fhásach; caithigí chun na madraí í.